Podchraoladh Gaeilge: Éist leis na Gaelgals

Written by:

Is meon é a bheith i do Ghaelgal. Lucy, Róisín, Alswyn, Clíodhna, Sinéad, Dúlra, Aoife agus Rachel. Cé muid? Na Gaelgals! Bhí muid ar fad mar chuid de Chuallacht Cholmcille in Ollscoil Mhá Nuad agus anois tá muid aitheanta mar ghrúpa seachas daoine aonracha. Sprioc an ghrúpa seo? Daoine a thabhairt le chéile agus a bheith ag cruthú ábhar trí mheán na Gaeilge.

Na Gaelgals ag reáchtáil ócáid i gClub an Chonartha

Nuair a chríochnaigh muid ár dtréimhse in Ollscoil Mhá Nuad agus cumha orainn do Sheomra na Gaeilge bheartaigh muid leathanach Instagram a thosaigh go mbeadh deis againn comhoibriú lena chéile agus muid i mbun rudaí éagsúla – ansin nuair a bhuail an phaindéim shocraigh muid tús a chur le podchraoladh – Podchraoladh na Gaelgals.

Éist Anseo | Listen Here

Ó shin tá muid tar éis pobal álainn a chothú le hócáidí san fhíor shaol agus ar líne, le podchraoltaí beo agus neart eile. Bhí muid ar stáitse ag Electric Picnic, Féile. na Gealaí, Stoneybatter Festival, Club Chonradh na Gaeilge agus neart eile. Lean muid, éist linn agus bí páirteach.

Lean Muid | Follow Us

Leave a comment