
Wow, ní féidir liom a chreidiúint go bhfuil an chéad seachtain dár n-ionduchtú thart cheana féin! Tá an t-ádh orainn go bhfuil an deis seo againn le bheith ag foghlaim agus ag fás i dtimpeallacht atá chomh tacúil seo. Is taithí é seo nach féidir a shárú – ní bheidh an deis seo againn arís.
Tá muid chomh buíoch as an gcineáltas agus oscailteacht atá muid théis a fheiceáil anseo i RTÉ. In ainneoin a gcuid sceideal gnóthach, bhí siad thar a bheith flaithiúil lena gcuid ama, ag freagairt ár gceisteanna go léir.
Ba mhaith liom mo bhuíochas ó chroí a ghabháil le hÚdarás na Gaeltachta as a dtacaíocht fhíorluachmhar, ní bheadh muid anseo gan iad. Mar chainteoir dúchais Gaeilge as ceantar Gaeltachta, mothaím go bhfuil freagracht láidir orm ionadaíocht a dhéanamh ar dhaoine cosúil liomsa agus mé ag glacadh le chuile dheis agus mé anseo.



Leave a comment